Ní bhfuair mé teastas cé gur chríochnaigh mé an cúrsa. Céard ba cheart dom a dhéanamh?

Mura bhfuair tú an teastas go fóill, tá cúpla míniú féideartha:

Chun an teastas a fháil, ní mór ar a laghad 90% de na cleachtaí a chríochnú agus scór 50% a bhaint amach.

Déan cinnte de chomh maith gur thug tú a dhóthain piar-aiseolais i ngach ceann de na cleachtaí piar-athbhreithnithe (Cleachtaí 4, 15, 23, 24, 25) -- seo é an fáth is coitianta gan an teastas a bheith ar fáil -

Ina dhiaidh sin, tógfaidh sé tamall sula bhfaighidh do chuid freagraí a dhóthain athbhreithnithe ó dhaltaí eile. Nuair a bheidh a dhóthain piar-aiseolais faighte ag do chuid cleachtaí, d'fhéadfadh sé gur tuairiscíodh roinnt de do chuid freagraí mar thurscar (nó mar fhreagraí le scóir an-íseal) – sa chás sin déanfaimid iad a sheiceáil de láimh.

Maidir le hathbhreithnithe piaraí:

Tógfaidh sé tamall na freagraí saorthéacs atá piar-athbhreithnithe a phróiseáil toisc go bhfuil méid áirithe athbhreithnithe de dhíth orainn. Thairis sin, déanfaimid aon fhreagra a bhfuil scór níos ísle aige ná an meán a dheimhniú de láimh, rud a thógfaidh a thuilleadh ama fós. Is mar gheall air seo go mbeidh ar chuid agaibh fanacht leis an ngrádú agus leis na teastais ar feadh tréimhse níos faide.

Má tá ceisteanna eile agat maidir leis na teastais, caith súil ar an den ríomhphobal. Mura bhfuil tú in ann an freagra a aimsiú ann, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh linn trí theachtaireacht phríobháideach a sheoladh ríomhphost ag [email protected].

Chun an cháilíocht a chinntiú, bíonn obair láimhe i gceist le teastais a eisiúint agus tógann an obair sin tamall. Táimid ag obair ar an bpróiseas a chuíchóiriú, mar sin bí foighneach linn le do thoil! ❤️

Comhghairdeas le gach duine a bhain pas amach cheana féin agus le gach duine a bhfaighidh pas amach anseo!