Cé chomh fada a mhairfidh an cúrsa?

Is féidir leat do chúrsa a dhéanamh ar do luas féin, ach molaimid iarracht a dhéanamh é a chríochnú laistigh de shé seachtaine (is é an taithí atá againne gur mó seans atá ann go gcríochnóidh daltaí an cúrsa nuair a bhíonn sprioc-am i gceist).

Measaimid go dtógann gach cuid den chúrsa thart ar 5-10 uair an chloig chun é a chríochnú. Bíonn roinnt mhaith machnaimh i gceist le cuid de na cleachtaí, chomh maith le bheith ag tarraingt ar pháipéar agus ag dul ar ais ag an gcuid theoiriciúil, mar sin d'fhéadfá oiread agus 45 nóiméad a chaitheamh orthu. Gheobhaidh tú neart nasc le bheith ag breathnú orthu sa chúrsa freisin agus cuirfidh sé sin leis an méid ama a bheidh ag teastáil.