An bhfuil aon ríomhchlárú nó mata sa chúrsa?

Níl aon ríomhchlárú, ach tá roinnt mata ag teastáil. Ní mata ardleibhéil atá i gceist agus dearadh an cúrsa sa chaoi nach mbítear ag súil le heolas a bheith ag an dalta roimh ré thar leibhéal bunmhatamaitice. Cé go bhfuil an t-eolas ar fad sa chúrsa a theastaíonn chun na cleachtaí a chríochnú, seans go mbeidh codanna de na cleachtaí sách dúshlánach mura ndearna tú aon mhata le tamall. Bíonn ort a bheith ag tarraingt le peann agus páipéar chun freagra na ceiste a fháil i roinnt de na cleachtaí.