Mothaím gur ceart go mbeadh Elements of AI ar fáil i mo theanga féin, céard is féidir liom a dhéanamh?

Táimid ag obair faoi láthair ar an gcúrsa Elements of AI a chur ar fáil dá oiread daoine agus is féidir ina dteanga dúchais féin. Chun é sin a dhéanamh, tá comhpháirtithe áitiúla de dhíth orainn – ollscoil agus gnólacht. Ba cheart go mbeadh an ollscoil toilteanach cuidiú leis an gcúrsa a reáchtáil agus leis na nithe uile a bhaineann leis sin, cuir i gcás ceisteanna daltaí a fhreagairt agus grádú. Ba cheart go mbeadh an gnólacht toilteanach na costais a bhaineann leis an tionscadal seo a chlúdach. Má shíleann tú go bhfuil an chomhpháirtíocht ceart agat, déan teagmháil linn ag [email protected]. Táimid ag súil le cloisteáil uait (tá éileamh mór ann faoi láthair, mar sin bí foighneach linn le do thoil)!

Rinneadh cinneadh le linn Uachtaránacht na Fionlainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh infheistíocht a dhéanamh sna scileanna a bheidh ag daoine sa todhchaí, agus chun an cúrsa Elements of AI a chur ar fáil ar líne saor in aisce i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais. Is í an sprioc uaillmhianach atá againn oiliúint a chur ar 1% de shaoránaigh na hEorpa faoi 2021. Tosóimid ag seoladh leaganacha teanga nua den chúrsa in earrach 2020. Léigh a thuilleadh faoinár leathnú san Aontas Eorpach anseo