Cén fáth go bhfuil mo chuid freagraí marcáilte mar ‘mícheart’ cé go bhfuil siad ceart?

Déan cinnte de go léann tú i gceart na treoracha a ghabhann leis na cleachtaí agus go bhfuil an freagra atá tú a chur isteach formáidithe dá réir. E.g. Má iarrtar ort freagra a thabhairt mar shlánuimhir, níor cheart ach slánuimhir a bheith mar fhreagra agat.

Bíonn corrfhadhb ann a mbíonn an brabhsálaí mar chúis leis. Bain triail as an mbrabhsálaí a dhúnadh agus a oscailt arís. Mura réitíonn sé sin an fhadhb, bain triail as logáil isteach ar bhrabhsálaí nó ar ghléas eile.

Tá an córas grádaithe oifigiúil neamhspleách ó na scóir a bhíonn le feiceáil i do bhrabhsálaí, mar sin fiú má bhíonn na fadhbanna seo agat, ní bheidh tionchar acu ar do thorthaí oifigiúla.

Mura réitítear an fhadhb , seol teachtaireacht phríobháideach chuig na riarthóirí ar den ríomhphobal. Tabhair do d'aire: Ná roinn seatanna scáileáin de do chuid freagraí go poiblí chun nach dtabharfaidh tú na freagraí cearta do dhaltaí eile.