An mbíonn tú ag déanamh iontais faoin tionchar a d'fhéadfadh an intleacht shaorga a imirt ar do phost nó ar do shaol?
Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoina bhfuil i gceist leis an intleacht shaorga dáiríre – agus conas a chruthaítear í?
Ar mhaith leat tuiscint a fháil faoin gcaoi a bhforbróidh an intleacht shaorga agus faoin tionchar a imreoidh sí orainn sna blianta amach romhainn?

Is í an sprioc atá againn an mhistéir a bhaint den intleacht shaorga

Is sraith cúrsaí saor in aisce ar líne é Elements of AI arna gcruthú ag MinnaLearn agus ag Ollscoil Heilsincí. Is mian linn spreagadh a thabhairt dá oiread daoine agus is féidir chun a fhoghlaim céard is intleacht shaorga ann, céard is féidir léi a dhéanamh (agus céard nach féidir) agus conas a thosú ag cruthú modhanna intleachta saorga. Tá an teoiric agus cleachtaí praiticiúla fite fuaite sna cúrsaí agus is féidir iad a chríochnú ar do luas féin.

— Tá cuma shimplí Nordach ar an smaoineamh: chun tús a chur leis, déan na bunchoincheapa arb iad fréamhacha na teicneolaíochta saorga a mhúineadh do 1% de dhaonra na tíre, is é sin le rá thart ar 55,000 duine, agus a bheith ag cur leis an uimhir sin de réir a chéile sna blianta beaga amach romhainn.
Politico , Ón alt Finland’s grand AI experiment →
— Chun go mbeidh rath ar an intleacht shaorga, ní hamháin go gcaithfimid forbairt a dhéanamh uirthi ach caithfimid bealaí éagsúla a aimsiú chun feidhm a bhaint aisti freisin. Ní ar na hinnealtóirí amháin atá na dualgais sin, agus sin an fáth go bhfuil sé chomh iontach sin go bhfuil an cúrsa Elements of AI saor in aisce agus ar fáil do chách.
Elina Valtonen , Feisire de Pharlaimint na Fionlainne
— Imreoidh an intleacht shaorga tionchar chomh mór céanna ar ár sochaí agus a d'imir an leictreachas.
Risto Siilasmaa , Cathaoirleach an bhoird, Nokia

Cuid 1

Treoir eolais ar an Intleacht Shaorga

Is cúrsa saor in aisce ar líne é Treoir Eolais ar an Intleacht Shaorga le haghaidh gach duine a bhfuil suim acu i bhfoghlaim céard is intleacht shaorga ann, céard is féidir léi a dhéanamh (agus céard nach féidir) agus cén tionchar a imríonn sí ar ár saol – gan mata nó ríomhchlárú casta ag teastáil.

To view the most updated course, check out the global version.

Cuir tús leis an gclár
Robots2

Ár scéal go dtí seo

In earrach 2018, tháinig MinnaLearn agus Ollscoil Heilsincí le chéile chun cuidiú le daoine le go mbeadh an intleacht shaorga ina huirlis chumhachtaithe seachas ina bagairt dóibh. Ag obair i gcomhar, chuir siad an cúrsa Elements of AI le chéile chun na bunrudaí a bhaineann leis an intleacht shaorga a mhúineadh do dhaoine ó raon leathan cúlraí.

1 mìlean dalta

Tá 1 mìlean dalta cláraithe.

170 tír

Scaipeadh an cúrsa ar fud an domhain, agus tá an cúrsa déanta ag daltaí ó bhreis agus 170 tír.

40% mná

Is mná iad thart ar 40% de rannpháirtithe an chúrsa, níos mó ná dhá oiread meánlíon na mban i gcúrsaí ríomheolaíochta.

Comhpháirtithe

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Institiúid a bhfuil mórchuid gradam buaite aici is ea Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Tá stair 175 bliain de mhachnamh neamhspleách ag an ollscoil. Bhí George Boole, matamaitceoir agus fealsamh ina chéad ollamh le matamaitic in COC (1849). Aithnítear loighic Boole go forleathan mar bhunús na Ré Teicneolaíochta.

Tá níos mó ná 21,000 mac léinn ag freastal ar COC agus suas le 3,000 duine ag obair anseo. Cúis mhórtais do COC é go bhfuil sé ar cheann d’ollscoileanna ceannródaíocha ar fud an domhain mar thoradh ar an tionchar a imríonn a chuid taighde ar chúrsaí inbhuanaithe. Tá sé rangaithe sa chéad 2% d’ollscoileanna domhanda.