Tá fadhb theicniúil agam le hardán an chúrsa agus ní féidir liom an freagra a aimsiú anseo – céard is féidir liom a dhéanamh?

Bíonn corrfhadhb ann a mbíonn an brabhsálaí mar chúis leis de réir dealraimh. D'fhéadfadh sé, cuir i gcás, go bhfuil an chuma air nach bhfuil na ceisteanna freagartha agat cé go bhfuil freagra tugtha agat dóibh. Tá an córas grádaithe oifigiúil neamhspleách ó na scóir a bhíonn le feiceáil i do bhrabhsálaí, mar sin fiú má bhíonn fadhbanna den chineál seo agat, ní bheidh tionchar acu ar do thorthaí oifigiúla.

Bain triail as an mbrabhsálaí a dhúnadh agus a oscailt arís. Ansin, bain triail as logáil isteach ar bhrabhsálaí nó ar ghléas eile.

Mura réitíonn na céimeanna sin an fhadhb, féach an bhfuil freagra na ceiste ann cheana i ríomhphobal Spectrum. Tabhair do d'aire: Ná roinn seatanna scáileáin de do chuid freagraí go poiblí chun nach dtabharfaidh tú na freagraí cearta do dhaltaí eile. Féadfaidh tú teachtaireacht phríobháideach maidir leis an bhfadhb a chur chuig na riarthóirí ar Spectrum.