Conas is féidir liom an leas is fearr a bhaint as Elements of AI?
Bí réidh chun do mhíle dícheall a dhéanamh.
Beidh neart oibre ag teastáil chun an cúrsa a chríochnú. Bí ag súil le staidéar agus athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar na rannáin go léir chun an t-ábhar atá iontu a thuiscint i gceart.
Bí páirteach i ngrúpa staidéir.
Tá seans i bhfad níos fearr ann go gcríochnóidh tú an cúrsa má dhéanann tú staidéir le cairde, le comhghleacaithe nó le ríomhphobal. Chomh maith leis sin, molaimid go láidir a bheith páirteach sa phléfhóram ar líne agus ceist a chur má tá aon ní nach dtuigeann tú – téann sé chun sochair don phobal i gcoitinne.
Críochnaigh na cleachtaí chomh maith agus atá ar do chumas.
Chun do theastas a fháil, ní mór duit ar a laghad 50% a bhaint amach sna cleachtaí.
Bí i do dhalta arís.
Má dhéanann tú am a chur i leataobh i d'fhéilire cúpla uair sa tseachtain gach seachtain, cuideoidh sé sin leat fanacht ar an mbóthar ceart leis na cleachtaí. Má tá áit ar leith agat chun staidéir a dhéanamh ann – deasc oibre, bord proinne, cibé rud a dhéanann an beart duit – cuideoidh sé sin leis an meon ceart a bheith agat.
Tabhair aiseolas dúinn!
Is cúrsa beo é Elements of AI. Leanfaimid orainn ag nuashonrú ábhar an chúrsa agus á fheabhsú bunaithe ar an aiseolas a fhaighimid.